Buachaill On Éirne

Buachaill ón Éirne mé is bhréagfainn féin cailín deas óg.

Ní iarrfainn bó spré léi, tá mé féin saibhir go leor

Is liom Corcaigh dá mhéid é, dhá thaobh an ghleanna, is Tír Eoghain,

Is mura n-athra' mé béasaí, is mé an t-oidhre ar chontae Mhuigheo.

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh

ach ag imirt is ag ól le hógmhná deasa fá shliabh.

Má chaill mé mo stór ní móide gur chaill mé mo chiall

Is ní mó liom do phóg ná an bhróg atá ar caitheamh le bliain.

Rachaidh mé amárach a dhéanamh leanna fán choill,

gan coite gan bád gan gráinín brach' ar bith liom,

ach duilliúir na gcraobh mar éide leaba os mo cheann

is óró, a sheacht m'anam déag thú, is tú ag féachaint orm anall.