Buaireadh An Phósta

Cúradh croi ar a phósadh

Is ar buachaillí óg an tsaoil

Nár bhfearr dóbhta cailín beag dóighiúil

Nó 'bean agus puntai léi?

Oiche mhór shneachta nó shiobtha

Nár dheas a bheith comhrá léi

Seachas a' cailín dubh bui sa chuid puntai

Agus i bheith ag gearán go géar

Nach mise a bhi aoibhinn sásta

Ag ragaireacht lá gan léan

Nó gur chuireas mo mhér ins an fhainne

Agus coráin ar chlár dó 'n chléir

Fuair mé an bhean a bhí i ndán domh

Ach má tá, chan í grá mo chroí

Ach cailin dubh buí a bhios ag srannfaí

Is ag tarraingt tsuisin léi

An oiche udai rinneadh mo chleamhans

Dar a leabhra char mhian liom é

Gealladh naoi mbó fichead domh

Le cailin dubh bui gan scéimh

Gealladh naoi mbó fichead domh

Le cailin dubh bui gan chéill

Ach mo mhairg gur phós mé ariamh

I is ainnir na gcraobh mo dhiaidh

Dé Mairt a rinneadh mo chleamhnas

Mo chreach is m'amhgar géar

Ghlac mise cómhairle mo mhuinntir

Is páirt mhór do mo aibhleas é

Pósadh mise go cinnte

Ar sahmahailt na mná gan scéimh

Is trua nár sineadh 'mo chónair

Mé sul a thug mé mo gheall arrimh

Nuair a théim i dtí faire no tórraimh

'Sé fhiafrionnn na hoganai diom

"Caidé mar a mhothionn tú 'n pósadh

No 'n mothúionn tú d'oige dá claci?"

Súim is aithrisim loebha

Go mothaim go mór faraoir

Is an té udai nach bhfuil pósta

Gur aige tá spóirt an tsaoil

Is mise nach ndéan fadh dichéille da

Bhfuigheadh mo chéile bás

An óiche a dfagfainn 's a' chré

I chodlóinn fhéin mo sháith

Cheannóinn culaith maith eadai

Hata 'gus léine bhán

Chuirfinn mo dhúil sa phleisiúr

Agus thógfaidh dhíom buaireamh 'n tsaoil